D’imigh sé go hAlbain ach sular imigh sé dhíol sé deich gcinn caorach a bhí aige, seo an t-airgead a d’úsáid sé lena thabhairt anonn. Shiúl siad ón Choimín ‘un aonaigh ar na Gleannta an oíche roimh ré. Rinne siad dearmad dona bréidíní. Fuair sé 15 scilling an ceann, thug sé cuid den airgead dona mhuintir sa bhaile agus thug an chuid eile den airgead anonn go Aberdeen é. Bhí tréan Éireannaigh ansin. Anonn leis an Choiste Feidhmiúcháin Talmhaíochta (Agricultural Executive Committee) a chuaigh siad, bhí scéim á reáchtáil acusan. Chuaigh sé ó Aberdeen go Kelso agus fuair sé obair ar fheirm ansin, feirm déiríochta a bhí ann, bhí áit gharbh go leor acu le luí san oíche. Nuair a d’fhág sé an fheirm sin fuair sé post ar fheirm eile trí mhíle as sin. B’as Mainéar Uí Chuinneagáin an fear ar leis an fheirm. | 00:21:14 | |